Príomh Cleachtadh – Gróigeadh Aer

Téamh Suas: Tabata

  • Roghnaigh amhrán oiriúnach tabata (tá dóthain ar fáil ar aon suíomh ceoil)
  • Dhá ghníomh, Léim Réaltchruthach agus Sliabhdhreapthaí
  •  Don Léim Réaltchruthach, cuir béim ar an tábhacht na cosa a leathnú agus lámha a choimeád fada agus díreach (bualadh bos ag barr)
  • Do na sliabhdhreapthaí, cuir béim ar ghlúine a ardú gar do na lámha gach uair a dhéanann siad an ghluaiseacht
  • Déan ocht mbabhta, fiche soicind ag obair agus deich soicind sosa. Malartaigh idir an dá ghníomh gach babhta.
  • Mar shampla…
    Babhta 1 Léim Réaltchruthach 20 soic
    Sos 10 soic
    Babhta 2 Sliabhdhreapthaí 20 soic
    Sos 10 soic
    Babhta 3 Léim Réaltchruthach 20 soic
    Sos 10 soic
    Babhta 4 Sliabhdhreapthaí 20 soic
    Sos 10 soic… srl.

Ná dean dearmad spreagadh a thabhairt do na páistí leanúint orthu, ag comhaireamh síos gach uair le taispeáint nach bhfuil mórán ama fágtha.

Cuir béim leathbhealach tríd go bhfuil obair iontach déanta acu. Ag druidim le deireadh is féidir iad a spreagadh toisc go bhfuil siad beagnach críochnaithe…. m.sh “trí bhabhta fágtha agus beidh sibh críochnaithe! Dhá bhabhta eile, Babhta deiridh”

Gróigeadh: Príomh phointí

  • Cliabhrach mór, cliabhrach ar nós sárlaoch, cliabhrach cosúil le goraille, dean aon chomparáid is féidir leat (roinnt samplaí eile ná cliabhrach ar nós snámhaí, amhrán náisiúnta i bPáirc an Chrócaigh)
  • Cosa cosúil le Cinnín Óir agus leithead do ghuaillí idir do chosa (gan a bheith ró-leathan nó ró-chaol, díreach i gceart)
  • Cuar nádúrtha sa chnámh droma
  • Cosa greamaithe leis an urlár, sála freisin
  • Ísligh go dtí go bhfuil tú níos ísle ná comhthreomhar
  • Coimeád na glúine thar na barraicíní i gcónaí!
  • Déan trí bhabhta de dheich n-iarraidh
  • Cabhraíonn ceol anseo freisin!

Cluiche Claisaiceach: Lacha Lacha Gé

Tá an-éilimh ar an gcluiche seo i measc na bun ranganna ach go háirithe.

  1. Eagraigh an rang i gciorcal mór le gach éinne ina suí ag féachaint i dtreo a chéile.
  2. Ainmnigh duine amháin le bheith “air”.
  3. Siúlann an imreoir seo timpeall an ciorcal ag tapáil ar chinn na n-imreoirí eile agus ag rá os ard gur “lacha” nó “gé” iad.
  4. Nuair a thugtar “gé” ar dhuine éigin seasann siad agus ritheann siad timpeall an ciorcal i ndiadh an duine atá “air” agus ag iarraidh iad a chlibeáil sula shroicheann siad an spás folamh fágtha sa chiorcal.
  5. Mura n-éiríonn leis an “ngé” an duine atá “air” a fháil, bíonn siad mar an duine atá “air” don chéad babhta eile.
  6. Is féidir cúpla ciorcal a dhéanamh ag brath ar an líon páistí i do rang leis an méid is mó daoine gur féidir a choimeád chomh gníomhach agus is féidir.