An Mhias agus an Sárlaoch

Téamh suas: Anord Rialaithe

  • Roinn an rang ina dhá ghrúpa ag taobhanna éagsúla den halla. (Ceithre ghrúpa má tá easpa spáis, grúpa sa bhreis ar an dá thaobh eile).
  • Tabhair uimhir do gach grúpa, Grúpa 1, Grúpa 2 srl.
  • Cuir béim nach féidir leis na grúpaí bogadh go dtí go ndeirtear an treoir “Tosaigh”
  • Tosaigh le rith suas agus síos cúpla uair.
  • Ansin ag preabadh thuas ar chos amháin agus ar ais ar an gcos eile.
  • Ansin lámhacán an bhéair.
  • Ansin léim leathan/sárlaoch.
  • Ansin déan siúl an phortáin don chéad babhta eile.
  • Críochnaigh le rith arís.

Mias go Sárlaoch

Mias

  • Páistí ina luí ar a ndromanna.
  • Ba choir dóibh iad féin a dhéanamh chomh fada agus is féidir, lámha a shíneadh díreach amach taobh thiar dá gcinn agus cosa fada agus díreach ag cinntiú nach bhfuil said lúbtha ag na glúine.
  • Ardaigh lámha agus cosa ag an am céanna ag ardú na slinneáin ón urlár ag cruthú cruth cosúil le mias.
  • Deán an ghluaiseacht arís ag bogadh suas síos agus lámha agus cosa á gcoimeád díreach i gcónaí.

Sárlaoch

  • An uair seo caithfidh na daltaí luí ar a mboilg, arís ba chóir dóibh iad féin a dhéanamh chomh fada agus is féidir, lámha a shíneadh díreach amach taobh thiar dá gcinn agus cosa fada agus díreach ag cinntiú nach bhfuil said lúbtha ag na glúine
  • Le suíomh an sárlaoch a bhaint amach, ardaíonn na daltaí a lámha agus cosa ón urlár, ag brú a mboilg i dtreo an t-urlár.

Cleachtadh: Anois déanaimid cleachtadh ag bogadh ó ghníomh amháin go dtí an gníomh eile, ag rolladh ar ár gcromán gach uair, ó mhias go sárlaoch agus sárlaoch go mias, ar dheis ar dtús agus ansin ar chlé.

Ba chóir do gach éinne an ghluaiseacht a dhéanamh faoi dheich.

Cluiche Claisaiceach: Greamaithe sa Láib

  1. Cruthaigh do láthair imeartha.
  2. Ainmnigh beirt clibeálaí.
  3. Cuir tús leis an gcluiche. Nuair a dhéantar clibeáil ar imreoir caithfidh siad seasamh socar le cosa oscailte go leathan. (Má tá an cluiche ar siúl taobh amuigh ba chóir dóibh seasamh le lámh amháin sínte díreach amach).
  4. Is féidir imreoirí a shaorú nuair a shleamhnaíonn imreoirí eile trí chosa na daoine atá ‘greamaithe’. (Arís, má tá an cluiche ar siúl taobh amuigh is féidir an lámh atá sínte amach a bhrú/tarraingt síos, an leithreas a shruthlú).
  5. Ní féidir leis na clibeálaithe marcáil a dhéanamh ar aon imreoir atá greamaithe sa láib nó clibeáil a dhéanamh ar imreoir atá ag saorú duine atá greamaithe sa láib.
  6. Athraigh na clibeálaithe gach 90 soicind/2 nóiméad.