Téamh suas: Cuaird chóin

  • Leag amach cuaird déanta de chóin in áiteanna ceaptha.
  • Déanann na daltaí cuaird mar a leanas:
  • Rith nóiméad amháin ansin sos
  • Preabadh ar chos amháin 30 soicind ar gach cos ansin sos
  • Léim leathan/sárlaoch 30 soicind ansin sos
  • Do ranganna móra dean dhá ghrúpa. Grúpa amháin ag déanamh cuaird fad is atá sos ag an ngrúpa eile.

Cleachtadh: Gróigeadh Aer

  • Cosa cosúil le Cinnín Óir agus leithead do ghuaillí idir do chosa (gan a bheith ró-leathan nó ró-chaol, díreach i gceart)
  • Cliabhrach ar nós goraille/ cliabhrach cosúil le sárlaoch
  • Cuar nádúrtha sa chnámh droma
  • Ísligh go dtí go bhfuil tú níos ísle ná comhthreomhar
  • Coimeád na glúine thar na barraicíní i gcónaí!
  • Sála ar an urlár
  • Déan 3 bhabhta de dheich

Cluiche: Preab/Páipéar/Siosúr

  • Cuir líne fonsaí ar an urlár. (Is fearr fonsaí hula)
  • Eagraigh an rang ina grúpaí (is féidir na grupaí ón téamh suas a úsáid)
  • Cuir foireann amháin ar an dá thaobh de na fonsaí
  • Preabann an chéad imreoir ón dá fhoireann tríd na fonsaí i dtreo a chéile.
  • Nuair a bhuaileann na himreoirí le chéile stopann siad agus imríonn said cluiche Cloch/Páipéar/Siosúr
  • Leanann an buaiteoir ar aghaidh ag preabadh
  • Caithfidh an duine a chaill imeacht ón chúrsa agus cúig gluaiseacht mias go sárlaoch a dhéanamh roimh fhilleadh go deireadh an líne le fanacht don chéad seans eile.
  • Preabann an chéad imreoir eile sa líne isteach sa chúrsa láithreach agus preabann said go dtí go mbuaileann siad leis an imreoir a bhuaigh an babhta roimhe. Nuair a bhuaileann siad le chéile imríonn siad babhta eile Cloch/Páipéar/Siosúr
  • Tugtar pointe d’fhoireann nuair a éiríonn le imreoir dul tríd an gcúrsa iomlán go dtí an áit ina bhfuil an fhoireann eile.
  • Tosaigh le dhá ghrúpa mór go dtí go dtéann gach duine i dtaithí ar an gcluiche.
  • Chun go mbeidh níos mó daoine ag glacadh páirte leag amach cúpla cúrsa le grúpaí níos lú
  • Is féidir foirne a bhogadh gach cúpla nóiméad chun gur féidir leo imirt in aghaidh gach duine sa rang
  • Bíonn an bua ag an bhfoireann leis an méid is mó pointe ag deireadh an cheachta.