An Mhias agus an Sárlaoch
Téamh suas – Anord Rialaithe
- Roinn an rang ina dhá ghrúpa ag taobhanna éagsúla den halla. (Ceithre ghrúpa má tá easpa spáis, grúpa sa bhreis ar an dá thaobh eile).
- Tabhair uimhir do gach grúpa, Grúpa 1, Grúpa 2 srl.
- Cuir béim nach féidir leis na grúpaí bogadh go dtí go ndeirtear an treoir “Tosaigh”
- Tosaigh le rith suas agus síos cúpla uair.
- Ansin ag preabadh thuas ar chos amháin agus ar ais ar an gcos eile.
- Ansin lámhacán an bhéair.
- Ansin léim leathan/sárlaoch.
- Ansin déan siúl an phortáin don chéad babhta eile.
- Críochnaigh le rith arís.
Mias go Sárlaoch
Mias
- Páistí ina luí ar a ndromanna.
- Ba choir dóibh iad féin a dhéanamh chomh fada agus is féidir, lámha a shíneadh díreach amach taobh thiar dá gcinn agus cosa fada agus díreach ag cinntiú nach bhfuil said lúbtha ag na glúine.
- Ardaigh lámha agus cosa ag an am céanna ag ardú na slinneáin ón urlár ag cruthú cruth cosúil le mias.
- Deán an ghluaiseacht arís ag bogadh suas síos agus lámha agus cosa á gcoimeád díreach i gcónaí.
Sárlaoch
- An uair seo caithfidh na daltaí luí ar a mboilg, arís ba chóir dóibh iad féin a dhéanamh chomh fada agus is féidir, lámha a shíneadh díreach amach taobh thiar dá gcinn agus cosa fada agus díreach ag cinntiú nach bhfuil said lúbtha ag na glúine
- Le suíomh an sárlaoch a bhaint amach, ardaíonn na daltaí a lámha agus cosa ón urlár, ag brú a mboilg i dtreo an t-urlár.
Cleachtadh
Anois déanaimid cleachtadh ag bogadh ó ghníomh amháin go dtí an gníomh eile, ag rolladh ar ár gcromán gach uair, ó mhias go sárlaoch agus sárlaoch go mias, ar dheis ar dtús agus ansin ar chlé.
Ba chóir do gach éinne an ghluaiseacht a dhéanamh faoi dheich.
Dobhareacha Ocrasacha:
Cluiche spraoiúil le héagsúlacht sna gluaiseachtaí:
- Roinn an rang i bhfoirne agus tabhair ionad do gach foireann ar imeall an láthair imeartha. Bíodh fonsa hula ag gach foireann ina n-ionad.
- Líon coimeádán lán le liathróidí de gach méid agus cruth, aon liathróid gur féidir leat a fháil. Cuir na liathróidí uilig ar an urlár i lár an láthair imeartha.
- Nuair a deir an múinteoir “tosaigh” bíonn seal ag na páistí, duine ar dhuine, rith go dtí an lár, liathróid a fháil agus é a thabhairt ar ais go dtí a bhfonsa. Ansin bíonn seal ag an gcéad duine eile go dtí go bhfuil na liathróidí uilig bailithe.
- Bíonn an bua ag an bhfoireann leis an líon is mó liathróidí bailithe agus curtha ina bhfonsa (níl aon liathróid nach bhfuil taobh istigh den bhfonsa tógtha san áireamh).
- Éagsúlacht: Athraigh na gluaiseachtaí i ngach babhta, preabadh, léim, siúl an phortáin srl. Is féidir teorainn ama a chur ar roinnt babhtaí le luas an chluiche a ardú.
- Chun é a dhéanamh níos spraoiúla: Má tá tú taobh istigh ar urlár atá oiriúnach, bain triail as seo. Nuair atá a seal ann caithfidh na himreoirí lámhachán an bhéair a dhéanamh go dtí lár an láthair imeartha le liathróid a bhailiú. Téann beirt imreoir eile ón bhfoireann leo. Nuair atá liathróid bailithe acu luíonn siad ar a mbolg leis an liathróid ina lámha os a gcomhair. Tarraingíonn na himreoirí eile ar ais ar an urlár iad go dtí a bhfonsa. Bíonn seal ag an gcéad imreoir eile agus athraíonn na róil. Taithníonn an cluiche seo go mór le páistí, féach ar an bhfíseán.