Téamh suas: Cuaird  chóin

  • Leag amach cuaird déanta de chóin in áiteanna ceaptha.
  • Déanann na daltaí cuaird mar a leanas:
  • Rith nóiméad amháin ansin sos
  • Preabadh ar chos amháin 30 soicind ar gach cos ansin sos
  • Léim leathan/sárlaoch 30 soicind ansin sos
  • Do ranganna móra dean dhá ghrúpa. Grúpa amháin ag déanamh cuaird fad is atá sos ag an ngrúpa eile.

Cleachtadh: Gróigeadh Aer

  • Cosa cosúil le Cinnín Óir agus leithead do ghuaillí idir do chosa (gan a bheith ró-leathan nó ró-chaol, díreach i gceart)
  • Cliabhrach ar nós goraille/ cliabhrach cosúil le sárlaoch
  • Cuar nádúrtha sa chnámh droma
  • Ísligh go dtí go bhfuil tú níos ísle ná comhthreomhar
  • Coimeád na glúine thar na barraicíní i gcónaí!
  • Sála ar an urlár
  • Déan 3 bhabhta de dheich

Caitheamh ar sprioc: Cleachtadh a dhéanamh caitheamh i dtreo réimse sprioc ag réimse faid:

  1. Leag amach sprioc-ionad. Is maith liomsa fonsaí hula a úsáid ach tá go leor roghanna éagsúla. Is féidir sprioc a tharraingt le cailc. Má tá balla glan agat is féidir sprioc a pheinteáil (tionscnamh ealaíne féideartha). Is féidir téip a úsáid le X-anna nó cearnóga móra a dhéanamh. Is féidir téip trom a úsáid le fonsaí hula a ghreamú leis an mballa.
  2. Déan dhá fhoireann agus cruthaigh sprioc-ionad do gach foireann.
  3. Leag scór amach do gach sprioc. Bíodh scór níos airde do sprioc atá níos deacra le bualadh. Mar shampla fonsa mór deich bpointe, fonsa beag fiche pointe. Is féidir é seo a chur in oiriúnt don sprioc-ionad atá leagtha amach agat.
  4. Leag amach an raon freisin, Babhta 1: 10 méadar, Babhta 2: 15 méadar, Babhta 3: 20 méadar srl.
  5. Bíodh maor na scór ann do gach foireann, duine nua do gach babhta. Is smaoineamh maith é peann agus páipéar a bheith ann toisc go n-athraíonn an córás scorála ó bhabhta go babhta.
  6. Nuair a deir an múinteoir tosaigh caitheann an chéad duine ó gach foireann i dtreo na sprice, bailíonn siad a liathróid and filleann siad ar an líne. Más féidir, bíodh liathróid ag gach duine, muna bhfuil tugann siad an liathróid don chéad duine eile sa líne nach bhfuil ceann acu. (Tá liathróidí leadóige an-mhaith anseo). Suimíonn maor na scór na pointí.
  7. Socraigh sprioc le baint amach, bíonn an bua ag an gcéad foireann le 100 pointe a fháil nó an scór is airde i ndiadh dhá nóiméad.
  8. I ndiadh gach babhta bog na foirne go sprioc-ionad nua agus athraigh an cluiche trí scór, raon nó spriocanna a athrú. Athraigh an teicníc atá in úsáid acu leis na liathróidí a chaitheamh freisin, os cionn láimhe, buille aníos, sluasaid, lámh deas, lámh clé srl.
Íosluchtaigh plean ceachta (PDF)