Príomh Cleachtadh – Gróigeadh Aer

Téamh Suas – Tabata

  • Roghnaigh amhrán oiriúnach tabata (tá dóthain ar fáil ar aon suíomh ceoil)
  • Dhá ghníomh, Léim Réaltchruthach agus Sliabhdhreapthaí
  •  Don Léim Réaltchruthach, cuir béim ar an tábhacht na cosa a leathnú agus lámha a choimeád fada agus díreach (bualadh bos ag barr)
  • Do na sliabhdhreapthaí, cuir béim ar ghlúine a ardú gar do na lámha gach uair a dhéanann siad an ghluaiseacht
  • Déan ocht mbabhta, fiche soicind ag obair agus deich soicind sosa. Malartaigh idir an dá ghníomh gach babhta.
  • Mar shampla, Babhta 1 Léim Réaltchruthach 20 soic
    Sos 10 soic
    Babhta 2 Sliabhdhreapthaí 20 soic
    Sos 10 soic
    Babhta 3 Léim Réaltchruthach 20 soic
    Sos 10 soic
    Babhta 4 Sliabhdhreapthaí 20 soic
    Sos 10 soic…. srl.

Ná dean dearmad spreagadh a thabhairt do na páistí leanúint orthu, ag comhaireamh síos gach uair le taispeáint nach bhfuil mórán ama fágtha.

Cuir béim leathbhealach tríd go bhfuil obair iontach déanta acu. Ag druidim le deireadh is féidir iad a spreagadh toisc go bhfuil siad beagnach críochnaithe…. m.sh “trí bhabhta fágtha agus beidh sibh críochnaithe! Dhá bhabhta eile, Babhta deiridh”

Gróigeadh: Príomh phointí

  • Cliabhrach mór, cliabhrach ar nós sárlaoch, cliabhrach cosúil le goraille, dean aon chomparáid is féidir leat (roinnt samplaí eile ná cliabhrach ar nós snámhaí, amhrán náisiúnta i bPáirc an Chrócaigh)
  • Cosa cosúil le Cinnín Óir agus leithead do ghuaillí idir do chosa (gan a bheith ró-leathan nó ró-chaol, díreach i gceart)
  • Cuar nádúrtha sa chnámh droma
  • Cosa greamaithe leis an urlár, sála freisin
  • Ísligh go dtí go bhfuil tú níos ísle ná comhthreomhar
  • Coimeád na glúine thar na barraicíní i gcónaí!
  • Déan trí bhabhta de dheich n-iarraidh
  • Cabhraíonn ceol anseo freisin!

Cluiche: Toirmisc don bhalún

Is cluiche simplí é seo le balúin mar thaca. Is cluiche spraoiúil é seo agus is bealach maith é le fisiciúlacht sa spóirt a chur in aithne do do rang i mbealach atá faoi smacht.

  1. Beidh cúpla paicéad balúin atá séidte ag teastáil.
  2. Roinn an rang ina mbeirteanna.
  3. Úsáid péire amháin leis an gcluiche a thaispeáint don rang.
  4. Tá imreoir amháin ag iarraidh ligint don bhalún an t-urlár a bhualadh.
  5. Tá an imreoir eile ag iarraidh an balún a choimeád san aer.
  6. Caithfidh an duine atá ag iarraidh an balún a choimeád san aer casadh, léimt agus an duine eile a sheachaint leis an mbalún a choimeád san aer trí an balún a thapáil (ná beir ar an mbalún).
  7. Caithfidh an duine atá ag iarraidh ligint don bhalún titim conair an duine eile a bhlocáil ag úsáid a gcorp le stop a chur leo.
  8. Beidh roinnt teagmháil i gceist ach déan cinnte nach bhfuil aon rud      ró-ionsaitheach ar siúl.
  9. Imir an cluiche seo i ráigeanna 30 soicind ag athrú ról na bpáistí gach uair. Athraigh na péirí go minic le linn an ranga.
Íosluchtaigh plean ceachta (PDF)