Leag amach cuaird déanta de chóin in áiteanna ceaptha.
Déanann na daltaí cuaird mar a leanas:
Rith nóiméad amháin ansin sos
Preabadh ar chos amháin 30 soicind ar gach cos ansin sos
Léim leathan/sárlaoch 30 soicind ansin sos
Do ranganna móra dean dhá ghrúpa. Grúpa amháin ag déanamh cuaird fad is atá sos ag an ngrúpa eile.
Cleachtadh: Gróigeadh Aer
Cosa cosúil le Cinnín Óir agus leithead do ghuaillí idir do chosa (gan a bheith ró-leathan nó ró-chaol, díreach i gceart)
Cliabhrach ar nós goraille/ cliabhrach cosúil le sárlaoch
Cuar nádúrtha sa chnámh droma
Ísligh go dtí go bhfuil tú níos ísle ná comhthreomhar
Coimeád na glúine thar na barraicíní i gcónaí!
Sála ar an urlár
Déan 3 bhabhta de dheich
Cluiche: Preab/Páipéar/Siosúr
Cuir líne fonsaí ar an urlár. (Is fearr fonsaí hula)
Eagraigh an rang ina grúpaí (is féidir na grupaí ón téamh suas a úsáid)
Cuir foireann amháin ar an dá thaobh de na fonsaí
Preabann an chéad imreoir ón dá fhoireann tríd na fonsaí i dtreo a chéile.
Nuair a bhuaileann na himreoirí le chéile stopann siad agus imríonn said cluiche Cloch/Páipéar/Siosúr
Leanann an buaiteoir ar aghaidh ag preabadh
Caithfidh an duine a chaill imeacht ón chúrsa agus cúig gluaiseacht mias go sárlaoch a dhéanamh roimh fhilleadh go deireadh an líne le fanacht don chéad seans eile.
Preabann an chéad imreoir eile sa líne isteach sa chúrsa láithreach agus preabann said go dtí go mbuaileann siad leis an imreoir a bhuaigh an babhta roimhe. Nuair a bhuaileann siad le chéile imríonn siad babhta eile Cloch/Páipéar/Siosúr
Tugtar pointe d’fhoireann nuair a éiríonn le imreoir dul tríd an gcúrsa iomlán go dtí an áit ina bhfuil an fhoireann eile.
Tosaigh le dhá ghrúpa mór go dtí go dtéann gach duine i dtaithí ar an gcluiche.
Chun go mbeidh níos mó daoine ag glacadh páirte leag amach cúpla cúrsa le grúpaí níos lú
Is féidir foirne a bhogadh gach cúpla nóiméad chun gur féidir leo imirt in aghaidh gach duine sa rang
Bíonn an bua ag an bhfoireann leis an méid is mó pointe ag deireadh an cheachta.