An Mias agus an Sárlaoch
Téamh Suas – Cíor Thuathail Rialaithe
- Roinn an rang i ndá ghrúpa. Cuir ag seasamh iad ar dhá cheann an halla (má tá easpa spáis ann is féidir ceithre ghrúpa a bheith ann – dhá ghrúpa ar dhá cheann an halla)
- Tabhair uimhir do gach grúpa – Grúpa 1, Grúpa 2 srl.
- Cuir béim ar an riail nach mbogann aon ghrúpa go dtí go gcloistear an treoir áirithe – “Téigh”
- Ar dtús, rithfidh gach grúpa anuas agus aníos an halla cúpla uair
- Ansin, Preabadh (anuas ar chos amháin agus aníos ar an gcos eile)
- Ansin, Lámhachán Béir
- Ansin, Léimeanna Sárlaocha/Leathánaigh
- Cuir Siúlóid Portáin leis don chéad bhabhta eile
- Críochnaigh le rith arís
Mias go Sárlaoch
Mias
- Luíonn na páistí ar a ndromanna
- Síneann siad a lámha siar os cionn a gcinn agus coimeádann siad a gcosa fada agus díreach, gan a nglúine a lúbadh
- Ardaíonn siad a lámha agus cosa ag an am céanna, ag ardú a slinneáin ón talamh chomh maith chun cruth na méise a chruthú
- Athdhéan an ghluaiseacht
Sárlaoch
- Luíonn na páistí ar a mboilg
- Síneann siad a lámha siar os cionn a gcinn agus coimeádann siad a gcosa fada agus díreach, gan a nglúine a lúbadh
- Chun cruth an tsárlaoich a chruthú, ardaíonn na daltaí a lámha agus a gcosa ón talamh agus brúnn siad a boilg i dtreo an talaimh
Cleachtadh – cleachtaíonn na páistí an ghníomhaíocht, ag bogadh ó thaobh amháin go dtí an taobh eile, ag rothlú ar a gcromáin gach uair (ón mias go dtí an sárlaoch agus ón sárlaoch go dtí an mias), ón taobh deas go dtí an taobh clé
Déanann gach duine an ghníomhaíocht deich n-uaire.
Cluiche – Preab/Páipéar/Siosúr
- Cuir sraith de húpanna ar an talamh (húlahúpanna más féidir)
- Eagraigh an rang i ngrúpaí (na grúpaí céanna ón téamh suas)
- Cuir foireann amháin ag gach taobh de na húpanna
- Preabann an chéad imreoir ón dá fhoireann tríd na húpanna i dtreo na foirne eile
- Nuair a bhuaileann siad lena chéile sa lár, stopann siad agus imríonn siad an cluiche Carraig, Páipéar, Siosúr
- Leanann an buaiteoir ag preabadh
- Seasann an cailliúnaí amach ón gcúrsa agus déanann siad an ghníomhaíocht “Mias agus Sárlaoch” cúig huaire agus ansin téann siad ar ais go cúl a líne go dtí an chéad seans eile
- Faigheann foireann pointe nuair a shroicheann siad taobh na foirne eile
- Tosaigh le dhá fhoireann móra go dtí go dtuigeann gach duine an cluiche
- Chun an rannpháirtíocht a mhéadú cuir cúpla cúrsa ar bun timpeall an spáis le cúpla foireann
- Is féidir na foirne a bhogadh timpeall tar éis gach cúpla nóiméad ionas gur féidir le gach duine a bheith in iomaíocht lena chéile
- Bíonn an bua ag an bhfoireann leis na pointí is airde ag deireadh an ranga