Plean Ceachta

Fís 1 – An Gróigeadh Aeir

Téamh Suas – Tabata

  • Roghnaith amhrán tabata oiriúnach (tá an-chuid ar fáil ar na seirbhísí sruthaithe ceoil)
  • Dhá Chleachtadh: Seaic Léimní agus Dreapadóirí Sléibhe
  • Do na seaic léimní, cuir béim ar an tábhacht a bhaineann le cosa leathan agus na lámha a choinneáil fada agus díreach (buladh bos a dhéanamh ag an mbarr)
  • Do na dreapadóirí sléibhe, cuir béim ar na glúine a ardú cóngarach go dtí na lámha do gach gníomhaíocht
  • Déan 8 mbabhta de 20 soicind oibre, ansin sos 10 soicind, agus athraigh idir na cleachtaí do gach babhta
    Mar shampla…
    Babhta 1: Seaic Léimní 20 soicind
    Sos 10 soicind
    Babhta 2: Dreapadóirí Sléibhe 20 soicind
    Sos 10 soicind
    Babhta 3: Seaic Léimní 20 soicind
    Sos 10 soicind
    Babhta 4: Dreapadóirí Sléibhe 20 soicind
  • Sos 10 soicind srl…
  • Bí cinnte go spreagtar na páistí ag baint úsáide as comhaireamh síos gach uair ionas go mbíonn siad ar an eolas nach bhfuil mórán ama fágtha
  • Cuir béim ar an bpointe leath bealaigh agus ansin úsáid na trí bhabhta deireanach chun iad a spreagadh níos mó m.sh. “níl ann ach trí bhabhta eile…seo an babhta deireanach!”

An Gróigeadh 

  • Cliabhrach mór/sárlaoch/goraille (aon sampla eile atá oiriúnach)
  • Cosa sa suíomh Goldilocks (ní róleathan, ní róchaol, díreach i gceart)
  • Coimeád an casadh nádúrtha sa chnámh droma
  • Coimeád na cosa greamaithe go dtí an talamh, sála síos an t-am ar fad
  • Crom síos go comhthreomhar
  • Coinnigh na glúine os cionn na barraicíní
  • Déan 3 bhabhta de 10 n-iarraidh
  • Bíonn ceol go maith anseo chomh maith!

Cluiche – Cosúil leis an gcluiche Leaisteanna Liathróide

  • Socraigh spás súgartha áirithe (an halla iomlán nó spás laistigh atá oiriúnach do rang iomlán). Úsáid cóin má bhrathann tú go bhfuil an spás rómhór agus má theastaíonn uait an spás a dhéanamh níos lú (tá sé seo an-tábhachtach má bhíonn an spás lasmuigh an-mhór – ba cheart go mbeadh an buntáiste ag na ceapadóirí)
  • Nuair a bheirtear ar pháiste bogann siad go dtí taobh an spáis súgartha agus déanann siad deich ngróigeadh aeir, agus ansin is féidir leo dul ar ais sa chluiche.
  • Tar éis cúpla nóiméad, tosaíonn an cluiche arís le ceapadóirí nua
  • Is féidir na gníomhaíóchtaí a athrú i rith an chluiche m.sh.
    Babhta 1: Rith
    Babhta 2: Preabadh
    Babhta 3: Lámhacán Béir

Babhta 4: Léimeanna Sárlaíocha

Téamh Síos – Glac do shuaimhneas/Sínigh/Dul Siar (Cleachtadh an lae)