Príomh Cleachtadh / Gróigeadh Aer

Téamh Suas – Tabata

  • Roghnaigh amhrán oiriúnach tabata (tá dóthain ar fáil ar aon suíomh ceoil)
  • Dhá ghníomh, Léim Réaltchruthach agus Sliabhdhreapthaí
  •  Don Léim Réaltchruthach, cuir béim ar an tábhacht na cosa a leathnú agus lámha a choimeád fada agus díreach (bualadh bos ag barr)
  • Do na sliabhdhreapthaí, cuir béim ar ghlúine a ardú gar do na lámha gach uair a dhéanann siad an ghluaiseacht
  • Déan ocht mbabhta, fiche soicind ag obair agus deich soicind sosa. Malartaigh idir an dá ghníomh gach babhta.
  • Mar shampla,
    Babhta 1 Léim Réaltchruthach 20 soic
    Sos 10 soic
    Babhta 2 Sliabhdhreapthaí 20 soic
    Sos 10 soic
    Babhta 3 Léim Réaltchruthach 20 soic
    Sos 10 soic
    Babhta 4 Sliabhdhreapthaí 20 soic
    Sos 10 soic… srl.

Ná dean dearmad spreagadh a thabhairt do na páistí leanúint orthu, ag comhaireamh síos gach uair le taispeáint nach bhfuil mórán ama fágtha.

Cuir béim leathbhealach tríd go bhfuil obair iontach déanta acu. Ag druidim le deireadh is féidir iad a spreagadh toisc go bhfuil siad beagnach críochnaithe…. m.sh “trí bhabhta fágtha agus beidh sibh críochnaithe! Dhá bhabhta eile, Babhta deiridh”

Gróigeadh: Príomh phointí

  • Cliabhrach mór, cliabhrach ar nós sárlaoch, cliabhrach cosúil le goraille, dean aon chomparáid is féidir leat (roinnt samplaí eile ná cliabhrach ar nós snámhaí, amhrán náisiúnta i bPáirc an Chrócaigh)
  • Cosa cosúil le Cinnín Óir agus leithead do ghuaillí idir do chosa (gan a bheith ró-leathan nó ró-chaol, díreach i gceart)
  • Cuar nádúrtha sa chnámh droma
  • Cosa greamaithe leis an urlár, sála freisin
  • Ísligh go dtí go bhfuil tú níos ísle ná comhthreomhar
  • Coimeád na glúine thar na barraicíní i gcónaí!
  • Déan trí bhabhta de dheich n-iarraidh
  • Cabhraíonn ceol anseo freisin!

Rí an Chnoic: Cluiche Druibleála

Tá liathróid de dhíth ó gach páiste. Is fearr liathróidí cispheile ach is féidir aon liathróid a phreabann a úsáid.

  1. Leag amach láthair imeartha ina mbeidh an cluiche ar siúl (úsáid cóin más féidir).
  2. Nuair a thagann comhartha an mhúinteora tosaíonn gach duine ag preabadh an liathróid atá acu agus ag bogadh timpeall.
  3. Má stopann imreoir ag druibleáil trí an liathróid a phiocadh suas nó smacht na liathróide a chailliúnt, tá siad curtha ón chluiche.
  4. Cuirtear imreoir ón chluiche má imíonn siad ón láthair imeartha.
  5. Caithfidh imreoirí iarracht a dhéanamh liathróidí imreoirí eile a bhualadh ach caithfidh siad smacht a choimeád dá liathróid féin ag an am céanna.
  6. Nuair atá roinnt imreoirí imithe ón chluiche cur sos leis an gcluiche, laghdaigh méid an láthair imeartha. Lean ort ag laghdú méid an láthair imearta nuair a laghdaíonn líon na n-imreoirí go dtí go bhfuil na himreoirí deiridh ag imirt i spás an-bheag chun buaiteoir a shocrú.
  7. Is féidir an cluiche seo a imirt i ngrúpaí le cúpla láthair imeartha chun go mbeidh níos mó cluichí ar siúl agus níos lú am ag daltaí le fanacht. Is féidir cúpla babhta a imirt. Rí an chnoic ná an buaiteoir foriomlán ag deireadh.