Téamh suas: Cuaird  chóin

  • Leag amach cuaird déanta de chóin in áiteanna ceaptha.
  • Déanann na daltaí cuaird mar a leanas:
  • Rith nóiméad amháin ansin sos
  • Preabadh ar chos amháin 30 soicind ar gach cos ansin sos
  • Léim leathan/sárlaoch 30 soicind ansin sos
  • Do ranganna móra dean dhá ghrúpa. Grúpa amháin ag déanamh cuaird fad is atá sos ag an ngrúpa eile.

Cleachtadh: Gróigeadh Aer

  • Cosa cosúil le Cinnín Óir agus leithead do ghuaillí idir do chosa (gan a bheith ró-leathan nó ró-chaol, díreach i gceart)
  • Cliabhrach ar nós goraille/ cliabhrach cosúil le sárlaoch
  • Cuar nádúrtha sa chnámh droma
  • Ísligh go dtí go bhfuil tú níos ísle ná comhthreomhar
  • Coimeád na glúine thar na barraicíní i gcónaí!
  • Sála ar an urlár
  • Déan 3 bhabhta de dheich

Caitheamh Cothrom agus Suas: Cluiche Cispheile

  1. Cluiche iontach don rang iomlán.
  2. Roinn an rang i gcúig grúpa.
  3. Cuir foireann amháin ag gach uillinn ag gach taobh den chúirt cispheile agus foireann amháin sa chiorcal láir.
  4. Imríonn an dá fhoireann ag ciseán amháin cluiche caithimh in aghaidh a chéile. (Cluichí caithimh ag tarlú ag an dá thaobh den chúirt ag an am céanna). Caitheann an chéad duine sa líne iarracht ar an gciseán, faigh an liathróid ar ais, tabhair pas don chéad duine eile sa líne agus téigh go cúl an líne le fanacht don chéad seal eile.
  5. Má éiríonn le himreoir scór a fháil tuilleann siad pointe don fhoireann. Tá an bua ag an gcéad foireann le 3 pointe a fháil.
  6. Fanann an fhoireann a bhuaigh san áit ina bhfuil siad agus fanann siad ar an gcéad cluiche eile.
  7. Caithfidh an fhoireann a chaill bogadh go dtí an ciorcal láir agus malartú leis an bhfoireann atá ag fanacht ann. Caithfidh siad fanacht anois go dtí go bhfuil an bua ag foireann eile nuair a mhalartóidh siad leis an bhfoireann a chaill.
  8. Tá an bua ag an gcéad foireann le seacht cluiche a bhuachaint.