Cluiche bia 4: Rás Sealaíochta Bia

An aidhm atá leis an gcluiche seo ná cabhrú le daltaí foghlaim conas an trí phríomh grúpa bia a aithint. Saill, Carbaihiodráit agus Próitéin.

Riachtanais:

  1. Aon chineál bosca/babhla, rud éigin gur féidir leis na daltaí a bhfeargraí a chur iontu. (Trí cinn do gach foireann).
  2. Pictiúirí de chineálacha éagsúla bia, is féidir le páistí iad seo a tharraingt roimh thús an chluiche.
  3. Páipéar agus peann/peann luaidhe.
  4. Bíonn cóin úsáideach i gcónaí leis an tús/deireadh a mharcáil. (Tá siad iontach mar bhabhlaí don chluiche seo freisin).

Treoracha:

  • Cruthaigh spás oscailte sa seomra ranga trí boird agus cathaoireacha  bhogadh ar leataobh.
  • Roinn an rang i bhfoirne.
  • Cuir na babhlaí ag taobh amháin den seomra. Trí bhabhle do gach foireann agus ainmnigh gach babhla mar shaill, carbaihiodráit nó mar phróitéin.
  • Bíonn na foirne i líne ag an taobh eile den seomra ranga.
  • Nuair a thosaíonn an cluiche, taispeánann an múinteoir pictiúir de bhia. Déanann gach foireann plé agus scríobhann siad S má tá siad den tuairim gur Saill atá sa bhia, C más carbaihiodráit atá ann dar leo nó P má tá siad den tuairim gur Próitéin atá ann.
  • Nuair atá freagra scríofa acu tógann siad seal an duine le rith go dtí an taobh eile den seomra agus an píosa páipéir a chuir sa bhabhla cuí.
  • Tar éis don mhúinteoir na pictiúirí uilig a thaispeáint, is iad na buaiteoirí an foireann leis an líon is mó freagraí cearta.