Briseadh Gluaiseachta 4

  1. Sa bhriseadh gluaiseachta seo beimid ag déanamh cleachtadh ar cleachtaí léim. Léim shiosúir agus léim ghróigthe.
  2. Ainmnigh ionad do gach cleachtadh, bíonn mataí iontach don dreas traenála seo.
  3. Déan líne le cóin ar cruthú áirse ag barr an láthair thraenála.
  4. Ainmnigh am do gach cleachtadh, bíonn méid ama gear an-tuirsiúil leis na cleachtaí seo, tá dóthain ama i 10-15 soicind.
  5. Bíodh dalta amháin ar gach mata agus dalta amháin ag fanacht ar a seal (sa seomra feithimh).
  6. Nuair atá an t-am istigh malartaíonn na daltaí. Imíonn an dalta a bhí ag déanamh an léim ghróighte timpeall ar na cóin ar ais go dtí an tús ag déanamh lámhachán an bhéair.
  7. Rothlaíonn an dalta a bhí ag déanamh an léim shiosúir go dtí an léim ghróigthe agus seasann an dalta a bhí ag fanacht isteach le léim shiosúir a dhéanamh. Nuair atá lamhachán an bhéair déanta bíonn sos ag an dalta sin go dtí go bhfuil an chéad babhta eile críochnaithe.
  8. Is féidir an dreas traenála seo a dhéanamh le grúpaí níos lú nó is féidir cúpla láthair thraenála a leagadh amach do ghrúpaí níos mó.
  9. Ná déan dearmad ar an gceol.